School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 64
- XML “Íosa, Muire agus Ioseph”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Iosa, Muire, Ioseph.Nuair a b’eigin do Ioseph agus Muire téicheadh agus an leanbh óg, Iosa a thabhairt leobhtha ar h-eagla roimhe na saighdiúirí is an dhruim asail a chuaidh siad. No ní rabh gluaistean ar bith ann san am sin. Deir na daoine ó’ h-am sin go bhfuil sé peacach asal a bhuaileadh ro-throm no malach ro-mhór a chuir air. No deir siad go bhfuil an áit an shuidh a Triúr le feiceal go foill an dhruim an asail.
Lá amháin nuair a bhí na saighdiúirí indiaidh Naomh Steaphain thainig sé fad le crann a rabh duilleabhar tuigh uirthí. Ní rabh na saighdiúirí i n-amarc agus chuaidh sé suas ar an chrann le folacht go rachadh siad thart. Nuair a thainig na saighdiúirí fhad leis an chrann bhí siad tuirseach agus shuidh siad síos faoi’n chrann le na [sgithisce]? a dheanamh. Bhí dreoilín ins an crann agus nuair a shuidh siad síos [d’eitil]? sé amach agus rinne sé callan. D’amharc siad suas agus chonnaic siad Naomh Steaphan. Gabh siad é. On am sin ní’l meas ag na daoine ar an dreoilín.
Nuair a bhí na saighdiúirí ag cur Iosa u’n báis ar an crois chuir siad dairne fríd a chrann. Thainig spídeóg bheag thart agus nuair a chonnaic sí seo [d’eitil]? sí suas ar Iosa agus thug sé iarraidh ceann de na tairní a phiocadh amach. Níor éirigh leithe acht thainig deor bheag de’n shuil ar a brollach agus deir(continues on next page)- Collector
- Máighréad Haimlet
- Gender
- Female
- Address
- Carnagore, Co. Donegal
- Informant
- Máighréad Bean Mhic Lochlainn
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Carnagore, Co. Donegal