School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 66
- XML “Scéal fá Íosa agus Muire”
- XML “Scéal fán Dreoilín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin bhí Íosa agus Muire ag siubhail ar an bhealach mhór le chéile. Nuair a bhí siad-san tamall ag siubhail tháinig tóir saighdiúirí ag iarraidh Íosa do chur chun báis. Acht nuair a chonnaic Íosa iad thionntuigh sé é féin isteach i n-uan agus thoisigh sé ag ithe i gcois an bhealaigh mhóir agus shiubhail Muire léithe agus d'imthigh na saighdiúirí chomh thuigh agus tháinig siad.
- Collector
- Cáit Ní Bhuidhe
- Gender
- Female
- Address
- Glengillagrana High, Co. Donegal
- Informant
- Cáit Bean Uí Bhuidhe
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Kill, Co. Donegal
- Lá amháin bhí saighdiúirí i ndiaidh Naoimh Stiofán agus chuaidh sé i bhfolach i gcrann agus bhí dreilín ins an chrann. Nuair a tháinig na saighdiúirí fhad leis an chrann a rabh sé ann shuidh siad faoi agus i ndiaidh tamaill léim an dreoilín as an chrann agus chuir sé sgannradh ar na saighdiúirí agus d'amharc siad suas agus chonnaic siad an Naomh agus mharbh siad é. Sin an fáth go bhfuil droch-mheas ar an dreoilín.Sgéal eile fá'n dreoilín. Bhí Íosa ag siubhail i gcuibhreann arbhair lá amháin. Cuireadh é an lá sin acht dubhairt sé go mbéadh sé apuighthe amárach. Bhí na saighdiúirí ar a thoir agus nuair a tháinig siad fhad leis na fir a bhí ag baint an(continues on next page)