School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chomhnuidhge i d Tuaim uair amhain darbh ainm Cathal Ua Baoighill. Bhí sé an-lúthmhar.
Cuaidh sé go Doire uair amhain fá choinne póin lín agus bhí sé arais sa bhaile, agus an líon cuirtha aige an lá céadna. Thiocfadh leis greim a choinneal an ribe ar bith ins an éach a ba lúthmhaire le fágail agus gan é a bhriseadh fhad agus bhéadh an t-éach ag rith míle.
Bhí sé thíos i Míobhuidhe ag torramh la amháin. Nuair a bhí sé ag teacht na bhaile bhí beirt buachaill óg leis. Bhí sé féin in a sheanduine an t-am sin. Ní rabh bealach mór ar bith ag teacht aníos mar tá anios agus bhí siad ag teacht aníos an gainimh.
Dubhairt an bheirt buachaill go b;fhiachadh siad rása 'na Ghleanna agus cé bith aca a ba deireannaigh a sroichfeadh an Gleann go mbéad aige le pionta uisce beatha a cheannacht(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Ceallaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Toam, Co. Donegal