Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- Glen, Co. Donegal
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal. Fionn agus na Ciarrfiadhacha.Tá árd i nDoirea’sclaidhe ar a dtabhairfainn siad Áit Suidhe Fionn air. Seo an tuige a tugadh an t-ainm sin air.
I bhfad ó sóin in am na bhFiann sé an t-ainm a bhí ar an áit ó Gleann an Aonaigh siar go Gleann Bheathach Gleann fada ‘na sealgaire. Ins an am seo bhí ciarrfhiachacha agus achan ainmidhe mar sin go fairrsing san Ghleann seo, ach chá rabh a dhath ar an dá thaobh de Abhainn Charraigh ach crainn mhóra. Bhí na Fianna ag bainth fútha san áit a dtabhairfainn siad Carraic Airt air anois. Bhíodh siad ag sealgaire ins an ghleann seo go minic. Théidheadh Fionn é féin go bárr an áird seo agus nuair a chuireadh sé a órdóg in a bhéal thchíodh sé ó loch an Ghleanna siar go loch Bheathach. Sin é an tuige a bhfuil Áit Suidhe Fionn ar an árd sin go dtí an lá indiú.
Bhí dhá bhrainnse de na Fianna ann a’s bhí darna’c ‘n lá aca le ghul a shealgaire. Bhí fear gcionn’us achan bhrainnse. Bhí fear darbh ainm Caomhghín i gcionn’us brainnse amháin, as duine darb ainm Art i gcionn’us an bhrainnse eile.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Derriscligh, Co. Donegal