Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ghlac Art tinneas lá amhain a’s ní rabh sé abalta ghul amach le na chuid fear. Dubhairt Caoimhghín go rachadh seisean amach in a áit. Bhí siad uilig sásta leis an t-socrughadh sin. Bhí biseach ar Art lá thar na mhárach as d’imthigh sé féin agus a chuid fear a shealgaire go bréagh luath ar maidín. Bhí fearg mhór ar Caoimhghin as d’imthigh sé féin agus a chuid fear a’s níor stad siad go rabh siad ag áit Suidhe Fionn. Chonnaic na fir eile iad a’s tháinig siad fhad leobhtha.
Thoisigh siad ag argóint agus sa deireadh thoisigh siad a throid. Marbhughadh Árt sa troid annsin tháinig Fionn. Bhí fearg mhór air-san le Caoimhgin agus dubhairt leis gur fhéad sé bheith sásta lé dhá lá sealgaire fhághail. Chuir Fionn ruaig air annsin as d’imthigh sé féin a’s cuid fear Airt fosta.
Thug Fionn leis colann Áirt agus chuir sé i gCill Dara é. Ghlac Caoimhghín eagla roimhe Fhionn a’s d’imthigh sé féin agus a chuid fear go hAlbain.- Bailitheoir
- Nóra Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall