Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal.Bhí fear ann uair amháin. Pósadh é agus fuair a bhean bás. Bhí mhac amháin aige d’arbh ainm Seán. Bí an t-athair ag obair ag fear uasal, agus d’fiafruigh an fear uasal dó an rabh sé ag dhul a chuir a mhac fa choinne ceirde. Dubhairt sé nach rabh fhios aige. Tháinig sé ‘na bhaile an oidhche sin. Maidin lá t’ar na bhárach d’imthig an bheirt aca. Nuair a bhí siad píosa uaidh an teach casadh beirt fhear ortha; agus dhá bheathach leobhtha.
D’fiafruigh duine de na fir de’n athair cá rabh sé ag dhul leis an ghasúr. Dubhairt seisean go rabh sé ag dhul a’ chuir fa choinne ceirde. Dubhairt an fear eile go rabh gasúr a dhith ortha-san fa choinne gaduidheachta. Rinneadh masgadh leobhtha, agus thug siad leobhtha é.
Tháinig siad fad le teach, agus chuir siad fhios [an]? simléir é, agus dhá shac leis. Chruinnigh sé achan rud a dtiocadh leis a lamh a fhaghail air, agus nuair a bhí an dá shac líonta aige chuir sé suas an simléir ag na gaduidhthe iad. Nuair a fuair siad-san(leanann ar an chéad leathanach eile)