School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Page 315
- XML “An tSeanchailleach agus an tIasc”
- XML “An Buidéal Iontach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)síos an sliabh agus chan fhaca Neansaí níos mó í. Bhí an báisín n-a luighe ar an urlár agus é follamh agus an cupán ádhmaid istigh ann ach bhí iasg na dtrí ceann ar iarraidh. Agus an oidhche sin bhí stoirm mhilltineach ar an fhairrge agus báthadh suas le fiche a [sgairc]? agus deir daóine gurab iad sin na daoine a dhuílcaigh an gallach scadán a thabhaire de’n chailligh. Ach ar scor ar bith sin é an sgéal mar a (dub) d’innis Neansaí féin é agus níl fhios agam an fíor nó bréag é.
- An Buidéal IongantachFad ó shoin nuair a bhí na daoine beaga gnáitheach i n-Éirinn bhí fear in a chomhnuidhe i bparóiste Míodhbhuidhe darbh ainm Diarmuid Ó Dubhthaigh agus a bhean, Síghle. Cha raibh aige ach feirm bheag bhocht agus leoga, cha raibh acú ach ón láimh go dtí an bhéal. Cha dtiocfadh le Sighle bhocht a dhath a dhéanamh ach an bhó a bhlighe, na préataí a bheirbhiú agus na h-uibheacha a iomchar go dtí an margadh i gCarraic Áirt. Bhí sé [cruaish]? go leór ortha an chíos a dhíol ach dhíol siad í an fhad a dtiocfadh leó. Ach(continues on next page)