School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 235

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 235

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 235
  3. XML “Scéal - An Clibíneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sí a léithead le seacht mbliadhna, agus go dtiocfadh leis a fhanacht aicí. Dubhairt an gasúr nach dtiocfadh leis sin a [ionsint]? go máidin. Bhí an gasúr in a shuidhe go luath ar máidin, agus chuaidh sé amach fhad leis an doras, agus bhí cuma ar an éinin go rabh sé ag imtheacht. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé leis an tsean-bhean nach dtiocfadh leis fanacht. D’imthigh sé leis agus lean sé dó’n éinin go rabh neoin bheag agus deireadh an lae ann, agus chuaidh an t-éan suas fhad leis an doras. Chuaidh an gásur isteach agus ní rabh ins an teach acht sean bhean agus dubhairt sí nach bhfhacaidh sí a léithead le céithre bliadhna déag.
    Bhí fáilte mhór aici sin roimhe agus d’iarr sí air fanacht aige. Dubhairt sé nach dtiocfadh leis sin a innsint go dtí an mháidín. D’eirigh sé go luath ar máidín, agus chuaidh sé amach, agus connaic (tháinic) sé gur mhaith leis an éan imtheacht. Thug an bhean arán do agus lean sé an t-éan agus chuaidh an t-éan isteach in uaigh. Thóisigh sé agus d’ith sé cuid dé’n arán agus d’éiteail an t-éan amach thar a cheann agus léan sé do’n éan agus chuaidh an t-éan isteach i dteach agus ní rabh annsin acht bean. Bhí fáilte mhór ag an bhean róimh an bhuachaill, agus dubhairt sí nach bhfhacaidh sí a léitheid le bliadhain agus fiche, agus d’iarr sí ar fanacht go máidín. Dubhairt sé nach dtiocfadh leis sin a innsint go máidín.
    D’éirigh sé go luath ar máidín agus chuaidh sé amach acht ní rabh a dhath iomráidh ag an éan imtheacht. Chuaidh sé isteach agus dubhairt sé leis an bhean go bhfanochadh sé aice. Dubhairt an bhean nach rabh a dhath le deanadh aige acht go rabh seacht gcapaill amuigh sa’n bhoitheach, agus íad a chur amach agus iad a ghlanadh. Rinne sé seo leobhtha agus rinne sé sin leobhtha gach máidín. Ar an taoibh thall do’n teach bhí cáislean mór ann agus bhí Rí in a chomhnuidhe ann. Ba mhaith leis a ghabhail anonn, acht d’iarr an bhean air, gan a ghabhail acht ní rabh maith a bhéith leis agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0329: Hiding from the Devil
    Language
    Irish
    Collector
    Seán Mac Laithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    An Baile Úr, Co. Donegal