School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)air gan a bhéith abalta é a leigean amach go dtabhairfinn féin céad dobhtha.
Cupla lá na dhiaidh sin thainig an diabhail thart agus d’fhiafruigh sé dó Liam caide’n dáigh a bhí air agus dubhairt Liam nach rabh sé go ró mhaith go rabh sé an bhocht. D’iarr an diabhail air a gabhail leisean seacht mbliadhna, agus go dtabhairfeadh sé airgead go leór dó agus dubhairt Liam go rachadh sé leis cinnte. Toisigh Liam a dh’obair agus bhí gach rud ag tiompadh na airgead a leagfadh sé a lamh air. Nuair a bhí na seacht mbliadhna eile thainig an diabhail thart arais agus d’fhiafruigh sé Liam an rabh sé ag leis dubhairt Liam “go rabh”.
Acht dubhairt Liam “go rabh capall aige le crudhughadh do fhear”, agus gur maith leis da dtabhairfeadh sé cuideadh dó iad a dheanadh. Fuair an diabhal gréim ar an órd mhór agus thoisigh sé a chuideadh le Liam. Nuair a bhí sé tuirseach ní thiocfadh leis an t-órd leigean amach agus thoisigh sé a léimnigh agus ag sgairtigh agus d’iarr sé ar Liam é a leigean ar siubhail agus nach dtiocfadh sé na comhair go cionn seacht mbliadhna arais. Léig Liam ar shiubhail é. Chá dtainig sé comhair Liam níos mó go dtí go rabh seacht mbliadhna eile istoigh.
Thainíg sé arais nuair a bhí seacht mbliadhna eile istoigh agus d’fiafruigh sé dó Liam an rabh sé ag dul leis agus dubhairt Liam go rabh. Dubhairt Liam “go gcaithfeadh sé slán a fagail ag a cuid comarsannaigh súl a n-imthiocadh sé agus d’iarr sé ar an diabhail suidhe ar an cathaoir go dtiocfadh sé isteach. Shuidh an diabhail innti agus d’imthigh Liam amach agus bhí sé amuigh tamall maith. Nuair a thainig Liam isteach bhí an diabhal ag dul(continues on next page)- Collector
- Mícheal Mac Giolla Cheara
- Gender
- Male
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal