School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)

Location:
Ros Goill, Co. Donegal
Teacher:
T. Mc Ginley
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 259

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1080, Page 259

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Page 259
  3. XML “An Fear a Bhí in Ifreann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mar go rabh sé tuirseach, agus go dtiocfadh leis trí aisle a fhághail ar an chuid éile. Rinne sé seo agus d’ól sé an gloinne agus thuit sé na chodhladh.
    Nuair a tháinig an triúr seo isteach d’fhiafruigh siad do cérbh ‘é sin agus dubhairt fear an óstais nach rabh fhios aige cé é féin ca rabh é ag dul acht go dtáinig sé isteach agus gur thuit sé na chodladh. Tháinig siad seo isteach fa choinne gloinne a ól agus buideal a bheith [leobhtha]? síos
    Go dtí poll an mhianaigh guail. Dubhairt an triúr seo le fear an óstais go n-imreochadh siad cleas air.
    Thug siad leobhtha é go socair ar eagla go [nusglochadh]? siad é, agus d’fhág é shíos sa’n pholl. Nuair a mhusgail sé thosuigh sé a sgairtigh, ag fiafruigheadh caide’n áit a rabh sé. Tháinig fear de na daoine chuige agus dubhairt leis, go rabh sé in [creann]? imeasg na ndiabhal agus nuair a chualaidh sé seo, bhí sé [úle]? níos measa ag fiafruigheadh caidé a dheánfadh a dheirbhsiúir a bhí ag feitheamh air a dhul ‘na bhaile leis na h-aisle.
    D’fhiafruigh sé do an rabh seans ar bith aige fághail as, agus dubhairt sé leis nach dtiocfadh leisean a dhath a [ánamh]? do, acht go mbfhéidir go dtiocfadh leis an diabhal mhór é [in]? rud éiginteacht a dheánamh do agus é ag taisbeaint an fhir do. Dubhairt seisean go ndíólfadh sé rud ar bith acht a fhághail as agus dubhairt an diabhal mhór go bhfuigheadh sé as da ndíolfadh sé cúig [illinge]?
    Thug sé seo d’on diabhal é féin acht dubhairt an diabhal nach bhfuigheadh sé as gan deoch do chuid uisge ifrinn a ól. Ní rabh a dhath dúil aige an deoch a ól acht b’fhearr leis rud ar bith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Aodh Mac Láithbheartaigh
    Gender
    Male
    Address
    Dumhaigh, Co. Donegal