School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis í go dtí an Bheinn Bhuidhe. agus d’iarr sé uirthí na seomraí a sguabhadh agus an bhí a bhlighe acht gan baint leis an t-seomra amháin agus gan braon beug bainne a thabhairt do chat no do choilean go dtiocfadh seisean arais, agus d’imthigh sé féin.
Rinne an cailín gach rud mar a h-iarradh uirthí, agus nuair a bhí sin deanta aicí. D’fhosgail sí an seomra, agus chonnaic sí a beirt deirbhshiuir agus chuaidh sí ar a glúnaibh agus dubhairt sí a h-urnaighe. Nuair a d’éirigh sí bhí fuil ar a glúinaibh agus dubhairt an cat agus an cailean da dtabharfadh sí pláta bainne do gach ceann aca go lighfeadh siad an fhuil de n-a glánaibh.
Thug sí an bainne [darbhtha]? agus ligh siad an fhuil se n a glunaibh. Annsin chuir sí uirthí a bróga agus thoisigh sí a shníomh ar an túirne. Thainig an gearran bán arais, agus d’fhiafruigh sé dithe cad chuige a rabh a cuid bróg uirthí agus dubhairt sí. “A! [iultheach]? beag fuaicht a thainig isteach ar an doras agus chuir mé orm mo bhróga agus thoisigh mé a shníomh ar mo thúirne le mé féin a chongbhail té”. Caich díot do bróga” arsa an gearran bán “go bhfeicfidh mé caidé atá ort”. Chaith sí díthe a bróga, acht ní rabh a dhach fola ar a glúnaibh. “Sníomh leac” arsa an gearran bán go ndeanfaidh tú greasan maith snaithe agus bhearfaidh muid é amach go baile an tSléibhe chuig an Fhigheadóir le plainncead a fhaghail deanta de.
Shníomh sí léithe agus ba ghoirid go rabh go leor sníomhtha aice. D’iarr an gearran bán uirthí an snath a chur ar a dhruim-san agus í féin a ghabhail a mharcaidheacht air. Rinne an cailin seo agus nuair a bhí siad(continues on next page)- Collector
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal