School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Page 263
- XML “Scéal fá dtaobh de Rí a Bhí i nGorta Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bith air, acht dubhairt sé fear ar bith a d’innseochadh sgéal dó agus criochnughadh theacht ar an sgéal súl a mbéadh sé tuirseach ag éisteacht leis go gcuirfeadh sé ‘un bais é, agus sin an t-adhbhar gur fhalaing iomadh fear óg ins an chomharsain bás [incó]? nadhurdha, le nighean an ríogh agus an saidhbhreas a bhaint.
Bhí gaisgidheach clíste sa’n áit. Tógadh é ag bún Chnoc an Dúin i gCo. Thírchonaill. Dubhairt sé lá amhain le na mhuinntear go bhfiachfadh sé le nighean an ríogh agus an saidhbhreas a bhaint. Bhí brón már ar a mhuinntear nuair a chualaidh siad a leithead dé smaointeadh ag teacht isteach in a ceann. Bhí siad ag deanamhar go n-éireochadh an nídh ceadna dó mar a d’éirigh dó go leór daoine eile san comharsanacht. Acht is cuma caidé a déirfeadh siad no a dheanfadh siad chaithfeadh sé a ghabhail.
D’eirigh sé maidin amhain le bánadh an lae. Shiubhail sé leis fríd ghleanntaibh agus coilltibh go dtainig sé go dtí Caislean an ríogh i nGortamóra. An t-am a chuaidh sé go dtí an Chaislean casadh air fear dé shearbhfoghantuidhe an ríogh. D’fhiafruigh sé dó caidé a ghnoithe. Dubhairt sé go dtainig sé go dtí an rí le sgeal a innse dó da mbé a thóil éisteacht leis. Bhí luthghair mhór ar an righ nuair a chualaidh sé seo mar bhí sé ag deanadh go gcuirfeadh sé ‘un bais cosamhail le fir óga eile na comharsanachta.
Chuaidh sé isteach i lathair an ríogh. “Anois” a déir sé “thainig mé le sgéal a innse duit”, agus seo mar téidheann sé. Dha chéad bliadhain ó shóin bhí rí ar Thírchonaill. Chá rabh trócaire ar bith aige dó na bochtain. Rinne sé gach aon [mio]? cheart leobhtha. Shíl sé nach dtiocfadh leis leath go leór saidhbhris a bhéith aige.(continues on next page)