School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Page 273
- XML “Sean-Nósanna”
- XML “Nósa ag Baint le Faire agus Tórramh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1) I bhfad ó shoin chaitheadh siad maide briste nuair a bhéadh duine ag gabhail a d'iasgaireacht, fa choinne ádh air2) Da bhfuigheadh duine biorran in a luighe ar an bhealach mhór, bhéadh sé ag déanamh go rabh ádh ann agus thógfadh sé é3) An doras a fhagail ar fhosgailt agus gan an teine a choigilt oidhche na marbh4) Ghlacadh na sean daoine an t-uisge a bhí a dhith ortha isteach sul a luighfeadh an ghrian an oidhche roimhe lá na bliadhna úire. Shíl siad gur thionntuigheadh an t-uisge in a fhíon5) Ar mháídin lá na bliadhna úire bheirtear sopogaí do na ba in áít (?) chochain no féir6) Ghnidhtear crosannaí de fheaga gach oidhche Fhéile Bhrigde agus cuirtear i ngach seomra agus i ngach boitheach iad.7) Cuirtear suas crann an oidhche roimhe gach lá Bealtaine, agus bheirtear crann Bealtaine air8) Nuair atá an cruich ar dhuine tugtar bainne asail dó.
- 1) An chlog a stapadh
2) Gan leigint do'n chat léim a thabhairt trasna an chuirp3) An chluimhreach a thógail as faoi chloigeann an té atá ag fágháíl bháis4) An sop a chur i dtaiscidh
5) An t-uisce ar nígheadh an corp ann a chur i bpoll(continues on next page)