School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Page 279
- XML “Scéal - Cúirt agus Cathair i gCuibhreann Dell”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.Cuirt agus Cathair i gCuibhreann Dell.
Bhí fear ann uair amháin a rabh triúr mac aige agus ní rabh i bhfad gur bhuail tinneas an t-athair agus ní rabh a dhath lé é a léasugadh. Bhí fear bocht ag gabhail thart lá amháin agus chuaidh sé isteach san teach seo agus dubhairt na mic leis go rabh a n-athair ag éagchaoint agus nach rabh a dhath le é a léasadh. D’innis an fear bocht seo daobhtha nach rabh a dhath lé é a léasughadh acht ubhlaí a bhí i gCúirt agus i gCathair i gCuibhreann Dell.
Annsin d’iarr an fear bocht ar an fear tinn a chuid mac a chur ar shiubhail ar maidin fa choinne na h-ubhlaí seo Ar máidín lái thar na bharach d’imthigh na mic. Siubhail siad leobhtha go dtí go dtáinig siad go dtí crois bhealach. Dubhairt an mac a ba shine go gcaithfeadh gach aon duine a ghabhail casan do féin. Chuaidh an mac a ba shine siar agus an mac éile soir agus chuaidh an mac óg an ród díreach go dtí dtáinig sé go dtí áit a rabh bucaid ag teacht aníos agus bucaid ag gabhail síos.
Chuaidh an mac óg seo ar an bhucaid a bhí ag gabhail síos. Nuair a bhí sé thíos shiubhail sé leis agus bhí an oidhche ag teacht. Ní fhacaidh sé aon duine acht chonnaic sé solus i bhfad uaidh i gcnoc. Tharraing sé ar an t-solas agus bhí sean-bhean annsin ina suidhe sa choirneál agus súíl amháin i gclár a h-éadan. D’fhiafruigh sí do caidé a bhí ag cur buadhartha air. Dubhairt seisean go rabh é ar lorg na ubhlaí a bhí i gCuirt agus i gCathair i gCuibhreann Dell. “A chara mo chroidhe” ar sise leis “tá píosa [fada]? agat le siubhail go fóill”.
Tá mise dhá chéad bliadhain agus béidh tú [?] deirbhshiúir de mo chuid s’an oidhche imbárach, agus tá sí trí chéad(continues on next page)- Collector
- Naos Mac Láithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Doire Chasáin, Co. Donegal