School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Eoin Mac Giolla Bhrighde.Bhí Eoin Mac Giolla Bhrighde ‘na bhuachaill oibre ins na tuathaibh ag fear uasal a dtug siad Séamus Taffe air. Bhí Eoin pósta agus ní rabh aige ach é fhéin agus a bhean Mairéad.
Bhí sé lá amháin amuigh ag baint préataí. Thainig an maighistear amach annsoir. Thoisigh siad ag cainnt fa bhrionglóidí. Dubhairt Eoin nach dearn sé brionglóid nó aisling ar bith ariamh agus gur beidh mhaith leis ceann a dheanamh. “Má ghníonn tú mar iarrfaidh mise [osit”]?, dubhairt an maighistear leis. “Cha ngeóbhann tú [gonc”]? “Dheanfaidh agus fáilte”, dubhairt Eóin. “Nuair a rachfa abhaile anocht, tarraing anall an teine agus déan do leabaidh in a h-áit. Rachaidh mise i mBannaibh duit go dtiocfaidh brionglóidi go leór chugat roimh an mhaidin”. Nuair a thainig Eoin na bhaile thoisig sé a’ tharraingt anall na teineadh agus shaoil a bhean go rabh sé ag gabhail as a chéil. Mhínigh sé duithe caidé bhí sé ag gabhail a dheanamh.
Rinne Eoin a leabaidh i n-áit na teineadh. Cha rabh sé i bhfad na luighe go(continues on next page)- Collector
- Michéal Eoin Mac Giolla Chearra
- Gender
- Male
- Address
- Dumhaigh, Co. Donegal