School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal fá Oileán ThoraigheFad ó shin bhí stoirm mhillteanach thart fá chladach Thír Chonaill agus báthadh a lán daoine fad a mhair sí. Nuair a bhí sí thart fuarthas seacht gcorpanna n-a luighe ar chladach thiar Thoraighe, seisear fear agus bean amhán. Chruinnigh muntir an oileáin uilig i gcuideachta a chéile go bhfeicfeadh siad caidé ba cheart a dhéanamh leis na corpanna. Dubhairt cuid de na daoine nach mbeadh sé ceart iad a chur sa roilig nó b'fhéidir nach raibh siad 'n-a gcríostaithe. Dubhairt cuid eile gurbh fhearr iad a chur ar thalamh an oileáin. Chuir beirt nó triúr suas dó sin ach fá dheireadh thiar thall rinneadh uaigh agus cuireadh na corpanna isteach inti agus druideadh arís í. Maidin lá thar na bhárach fuarthas corp na mná n-a luighe taobh amuigh den uaighe. Smaointigh daoine gurab iad an bheirt nó triúr nach raibh sásta na corpanna a chur ar an oileán a rinne seo. Cuireadh an corp isteach san uaigh ar áis arís agus druideadh an uaighe an dara h-uair. Le bánú an lae, lá thar na bhárach chonnachas an corp ar bharr na talmhan ar áis arís. Tógadh é agus cuireadh fén chré arís é agus fágadh beirt nó triúr le n-é a chomhead an iarraidh seo. Ach tharla an rud chéana arís. Nocht an corp ar an talamh an(continues on next page)
- Collector
- M. Nic Greagáin
- Gender
- Female
- Address
- Glenree, Co. Donegal