School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Cé’n dóigh a bhfuil an fhairrge anois?” “Och”, arsa Neansaí “tá boballaigh mára ins an bháisín mar a bhíos ins an tsruthán lá iongantach fluich”. Thoisigh an tsean chailleach ag siubhal thart timcheall an bhotháin arís agus arís, agus scáirt sí ar Neansaí an dara h-uair agus ar sise “An bhfuil athrú ar an fhairrge anois?” D’amharc Neansaí síos ar an bháisín agus ar sise “Tá an t-uisge ag beirbhín agus ag brúchtáil cosamhail le tuille ins an abhainn agus tá sé chomh dearg le fuil. Agus tá an cupán beag ag luasgadh ó thaoibh go taobh”, arsa Neansaí agus scannradh in-a glór. Chuaidh an t-sean chailleach ag siubhal thart an treas h-uair agus scairtigh sí ar Neansaí ar [lús]? arís cé’n dóigh a raibh an fhairrge. “Och”, ars an ghirrseach “tá an t-uisge i n-éirghe i n-áirde cosamhail le tonnracha Trágha Móire agus cá an báisín fhéin ag corrughadh ar an urlár amhail is dá mbéadh sé beo. Agus cluinim caoineadh agus o snaighil amhail is dá mbéadh duit i bpéin. Agus anois tá an cupán bun ós cionn ins an uisge”, arsa Neansaí. Le sin leig an tsean chailleach rachtáil gáirí aistí agus scáirt amach go h-árd “Tá an lá liom. Tá mo [ráimhde]? gaibhte agam sa deireadh”. Agus as go bráth léi(continues on next page)
- Collector
- Máire Nic Eiteagáin
- Gender
- Female
- Address
- Glenree, Co. Donegal