School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chomhnuidhe i bhfad ó shoin ins na Rósaibh i dTirchonaill. Ní raibh an duine beo aige acht a mháthair. Ní raibh aige de mhaoin an tsaoghail acht bó agus beathach acht, ma raibh fhéin, bhí suaimhneas maith inntine aige.
Oidhche amháin Samhraidh, bhí sé amuigh ag cuartughadh an bheithigh. Chualaidh sé cainnt in aice leis. Seo an chainnt a chualaidh sé. "Beathach domhsa; beathach domhsa; beathach domhsa." Nuair a chualaidh séiseán seo, dubhairt sé na focla ceadna. Ní ba luaithe bhí siad ráidhte aige, ná bhí sé ag marcaideacht ar bheathach a's ás go bráth leis agus na sidheóga in a chuideachta. Tharla sé go dtainig siad go teach ina raibh cuideachta Báinfhéise, nuair a bhí siad tamall ag siubhal. Thuirling siad do na béithigh agus d'iarr na sidheóga ar an fhear a dhul isteach agus cúrsa damhsa ' thabhairt do'n mhnaoi óig a pósadh. Rinne an fear amáideach mar a h-iarradh air. Ní ba luaithe na tosuigh sé a damhsa léithe i lár an úrláir nó thuit sé marbh ag a chosa. Thosuigh an troiblóid annsin agus thainig eagla mhór ar an fhear. Chuaidh sé amach aráis arís. Bhí na sidheóga réidh le bhéith i gceann siubhal agus bhí a bheathach réidh fá na dhéin-san fosta. Dubhairt siad (na sidheóga) go dtiocfadh iongantas mór air nuair a chonnaic sé an bhean a fuair bas ins an teach leis ar a chúlaibh anois agus í(continues on next page)- Collector
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Derriscligh, Co. Donegal