School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhaint, iad a bhruith agus cuid de'n t-sugh 'thabhairt duithe le h-ól. Bhéadh biseach uirthi. D'imthigh an fear leis a bhaile. Maidin lá ar na bharach, nuair a d'éirigh sé, chuaidh sé 'na locha, bhain sé cuid de na planntaí; bhruith sé iad agus thug sé an sugh duithe le h-ól. Ní raibh i bhfad go raibh biseach uirthi a's a meabhar aici arís. Bhí sí abalta a h-ainm a innse, ainm a h-athra agus a mathara, agus an áit ar b'as í, ach ní raibh fhíos aici caidé mar fuair sí go dtí'n áit a rabh í. Le sin, chuimhnigh an fear ar an rud uilig a's nuair a chualaidh a mháthair é, bhí fhíos aici gur reógan a chuir na sidheóga ar an bheirt acu.
Dubhairt an bhean óg gur mháith léithe 'fhaghail na bháile. Chuir an fear an diallaid ar an bheathach, a's thug sé leis ar a chúlaibh í. Níor stad sé gur fhág sé ins an bhaile í. Bhí sé ag éirighe dorcha, nuair shroich sé 'bhaile leithe. Thuirling siad do'n bheathach a's chuaidh siad isteach go teach a h-athara. Nuair a chonnaic bean an toighe iad thosuigh sí ag caoineadh "Cad chuige bhfuil tú ag caoineadh?" ars an fear. "Tá adhbhar caointe agam," arsa sise, "na bliadhain san oidhche anocht a cuireadh nighean domh. Thuit sí marbh a oidhche a pósadh í agus mhinneóchainn mar b'é go bhfuil fíos agam go bhfuil sí marbh, gur sin í 'na seasamh annsin." "Sin í," deir an fear a's d'innis an bheirt an sgéal ó thús go deireadh. Thug a h-athair agus a máthair buidheachas mó dó annsin. Bhí féasta mór acu a's chuaidh an fear a bhaile chuig a mháthair.- Collector
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Derriscligh, Co. Donegal