School: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (roll number n/a)
- Location:
- Ros Goill, Co. Donegal
- Teacher: T. Mc Ginley
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a's cupla fear eile. Chuaidh siad ar meisge agus bhí sé indiaidh an seacht a chlog nuair a d'fhág sé an Gleann. Chuaidh siad go dtí'n droichead annsin a's chonnaic siad morán fuil, annsin bhí fhíos acu go an bhean marbh ag na sidheóga.Bhí brón mór ar an fhear acht chuaidh s é chuig an darna bean a's d'innis duithe cáide tharla. "Agus rud greannmhar," arsa seisean, "d'innis í domh gur i mbeanntracha Míonformlaigh a chuirfidh chun báis í acht ar droichead an Gleann Áird a mharbhadh í." "Tá fhíos agam cáide mar tharla sin," arsa'n bhean, "bhí mé ag coimhead ar an rud uilig. Nuair a bhí sí ag dul thairis an droichead thoisigh sí ag béicfidh a's ag caoineadh cionnus nach rabh tusa annsin, creidim." "Glac na sidheóga an oiread sin feirge leis an challan a thóg sí, gur mharbhuigh siad í." "Tchím, tcím," arsa'n fear, "sin an rud a rinne an t-ól orm acht ní phosam tusa nó bean ar bith eile choidhche."D'imthigh sé 'na bhaile, acht choinnigh sé a fhocal go maith mar chaith sé a shaoghal diomhaoin (?) 'ndiaidh sin.
(Fuair mé an scéal seo ó Phádruigh Ua Gallchobhair a's fuair séisean é ó Antoine Ua Gallchobhair, a fuair bás 'san bhliadhain 1888 Doire'aschlaidhe- Informant
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Address
- Derriscligh, Co. Donegal