School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Croaghross, Co. Donegal
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsin dhíol siad í le daoine eile. Tá siad sin ag obair uirthí ó shoin. Anuraidh deirtear go bhfuair siad píosa amháin acht i mbliahdna (1937) ní bhfuair siad an dath. Deir siad go bhfuil sí cor a bheith uilig cumdaighthe. An áit a chuaidh sí síos tá sé fiche a dó feadha (132'). Tugadh aníos an clog a bhí uirthí agus tá sé ins an teampall gallda i bPort an t-Salainn. Bíonn sé le cluinstin an uile Domhnach.
- Ar an 27adh lá de Dheireadh Foghmhair cuir na Gearmanaig síos an " Audacious " . Long cogaidh abhí inntí agus i gcuidachta triur éile - H.M.S. Centurain, longanna cogaidh Ajax, King George V thainic sí amach as Loch Suilighi. Bhuail sí "mine" naoí mhile de'ng taobh ó thuaidh dó Thoraigh. Bhuail sí é ag 8.45 ar maidin. Ar 9 o'clog sa tráthnóna chuaidh sí síos. Sabhaileadh an fuireann uilig acht 250 fear. Bhí an "Liverpool" agus an liner "Olympic" ag seasamh le thaobh an Audacious". Tug an Olympic iarraidh í a tharraingt isteach go Loch Suilighe acht theip uirthí. Sul a dteachaidh sí síos phleasg sí suas agus mharbh an pléascadh fear ar an Liverpool.Ba é "Berlin" ainm an bhaid a chur síos ná "mines".