School: Cruach Ros (roll number 15532)
- Location:
- Croaghross, Co. Donegal
- Teacher: Colm Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cruach Ros
- XML Page 035
- XML “An Gorta Mór”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An bealach ó Phort an t-Salainn go Ceathramhadh Caol rinneadh é le linn na gorta. Deir na daoine má shiubhalann tú ar chuid de na bealaigh a rinneadh san bhliadhain sin, go bhfághann tú ocrach.
Bhí bean ag déanamh an-bhruith thíos i bPort an t-Salainn in aimsear na gorta agus thigeadh na daoine mílte fa na choinne.
Le linn na gorta tháinig bád lán plúir i dtír i bPort an t-Salainn agus ní thiocfadh é cur ar snámh arais. Deir na daoine gur sagart aba chúis leis. Tugadh an plúr i dtír agus díoladh go saor é le na daoine. Sin an chéad phlúr a h-itheadh i bhFanaid. Rinneadh an bealach idir Tamhnach agus Ceann Droma ins an bhliadhain seo fosta. 'Sé an pháighe a bhí ag na fir nó tuistiún sa lá.
Thigeadh cúig nó sé comhnaracha ó íochtar Fanada an uile lá agus bhí na fir comh lag sin go rabh acu le a sgiste a leigint cupla uair.
Fuair na daoine preataí lobhtha, rinn grabhógaí daobhtha, thriomuigh iad, mheascuigh iad le min choirce agus rinn arán daobhtha.
In aimsear na gorta thainic fear siubhail isteach i(continues on next page)