School: Baile Mhichíl (roll number 16241)
- Location:
- Baile Mhicheáil, Co. Donegal
- Teacher: Brian Ua Gafacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sé ráidhte go bhfuil cróca óir shíos san Lios Mór san taoibh uachtarach den bhealach mhór i mBaile Úr. Lá amháin chuaidh cúpla fear amach go dtí an áit a rabh an crócha agus thusuigh siad ag baint. Nuair a bhí poll mór deánta aca bhí clap-sholus ann agus b'éigeann daobhtha an poll a fhágáil go dtí an chéad lá eile. Nuair a d'éirigh siad ar maidin chuaidh siad síos go dtí an lios agus bhí an poll uilig líonta isteach arais.
Thusaigh na fir ar an pholl arais agus nuair a bhí sé uilig fósgailte aca arais bhí an oidhche ann. Ar maidin an lá thar na bhárach, nuair a chuaidh na fir síos go dtí an lios arís bhí an poll líonta isteach arais. Dubhairt fear amháin aca go suidheadh siad an oidhche sin.
bhí na fir na suidhe ag an pholl agus nuair a bhí sé an dó dhéag a chlog tháinig sgaifte daoine beaga agus cóta dearg ar gach ceann aca. Thusuigh siad a damhsa thart fá'n(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Fhríghil
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Úr, Co. Donegal
- Informant
- Máire Ní Fhríghil
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Úr, Co. Donegal