School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 422
- XML “Daoine Cáiliúla - Snámhaí”
- XML “Daoine Cáiliúla - Fear Láidir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ar an Tonn-Bháin am amháin darb' ainm dó Séimí Mac Giolla Cheara. Lá amháin tháinig Aifriceannach isteach go Port-na-Long agus dubhairt sé nach rabh fear ar an bhaile a rabh in a snámhaidhe comh maith leis féin. Tháinig Séimí 'un tosaigh agus dubhairt sé go rabh sé féin comh maith leis. Dubhairt an chaptaoin go dtabhairfeadh sé deich bpunnt dó'n chéad duine aca a rachfadh amach míle slighe ó'n chéidh, agus teacht isteach aráis. Cuireadh an long amach míle slighe mar mharc dóbhtha. Annsin d'fhág an bheirt an chéidh agus thoisigh siad a' snámh. Ba é Séimí an chéud duine a shroich an chéidh aráis agus fuair sé na deich bpunnt. Bhí iongantas ar gach duine fá'n dóigh gur fhág Séimí an t-Aifricennach ar deireadh, nó bhí sé ráidhtighthe gur snamhaidhe ar dóigh a bhí 'san Aifriceannach.
- Bhí fear ar an Tonn-Bháin am amháin darb' ainm dó Tomás Mac Giolla Cheara, mac dó Shéimí. Ins an am sin bhí muilinn ag 'ul ar aghaidh i gCeann-Droma choinne coirce do mheilt. Thug Tomás dhá fhichead(continues on next page)
- Collector
- Cáitlín Ní Shiadhail
- Gender
- Female
- Address
- Rapa, Co. Donegal
- Informant
- Máire Bean Uí Shoibhleáin
- Gender
- Female
- Age
- 72
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cionn Droma, Co. Donegal