School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 443

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 443

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 443
  3. XML “Cruatan - Longbhriseadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Déirigh an oidhche iongantach dorcha agus thoisigh an ghaoth a shéideadh agus a phlughadh sneachta agus chaill siad a mbealach a's ní thiochfadh leobhtha teach soluis Fhanaide a fheiceal le iad a shabhail ar na carraigeacha. Amuigh a's astoigh ar an do-dhéag o'chlog, chuaidh sí ar an carraig a bhfuil an "tSulaighe Bheag" uirthí, cailleadh na trí chead uilig ach fear amháin. Sheasuigh sé an léan uilig agus shnámh go dtí'n talamh. Bhí droch am ann san am sin ní rabh a dhath bidh le fághail, bhí ach'an rud gan. Ach bhí go leor itheachan agus ólachan ar an luing. Sa deireadh thoisigh sé uilig a theacht isteach le gaoith anoir adtuaidh. Bhí eagla ortha go ndéanfadh an fear a tháinig isteach sgéal fa dtaobh de. Chuir siad a mharcaigheacht ar bhá óg é nach rabh an nduine mharcaigheacht ariamh air, cheangail siad é, agus thoinnthigh siad a aghaidh le riobal an bheathaigh. Chuir siad sealbhán madaí ann san bhá, agus ar siubhal fríd na cnuic leo. Sasannach a bhí ann agus marbhughadh é mar sin. Fuair muinntir na h-áite go leór bidh agud dighe annsin. Ar an 30adh de Mhí na Nodlag sa bhliadhain 1811 a tharlaigh seo uilig, tamall maith ina dhiaidh sin fuarthas cuid mhór de na cuirp thall agus i bhfos.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Colla
    Gender
    Male