School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 459
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sagart a bhí ar a sheachnadh fadó i gcnuic Innis Eoin. Tháinig an tóir na dhiaidh, acht rinneadh tapad air agus tugadh i mbád na farranta é gur fághadh istoigh faoi Phort Salan é. Ghlac sé na chnuic an ios fad le Cruachan, chuaidh sé isteach i dteach annsin agus d'iarr sé árus. Bhí sé claoidhte sáruighte, ach chá dtabharadh muinntir an toighthe árus ar bith dó, agus tá sé ráidhte nár b'fearrdhe dó'n áit é. Shiubhail sé leis annsin fhad le Baile na nGabhna, chuaidh sé isteach i dteach Ghallta annsin agus tugadh árus dó. An t-ainm a bhí air an teach sin, teach an Chambeiligh. Ar maidín lá thar na bhárach chuaidh an Cambealach le na bhád agus d'fhág sé an sagart iostoigh thall i gCriamhart i bpároiste Chill Mhic nEanáin.
Baisteadh "lag na h-Altóra" ar áit, mar lag atá ann ar léigheadh an t-Aifreann fadó.Dubhradh an t-Aifreann amuigh i n-áiteanna airithe i n-aimsir na Géirleanamhna. I lag na h-Altóra i nGort-na-Trágha áit amháín a dubhradh an t-Aifreann fadó. Níl pluaiseanna ar bith ann ina léigheadh na sagairt an t-Aifreann fadó.- Collector
- Tréasa Ní Fhríghil
- Gender
- Female
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal
- Informant
- Máire Anna Ní Fhríghil
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Gort na Trá, Co. Donegal