School: Caiseal (2) (roll number 15393)

Location:
An Caiseal, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Domhnaill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 507

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1091, Page 507

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caiseal (2)
  2. XML Page 507
  3. XML “Oícheanta Áirithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    fágann siad an doras fosgailte le caoi a thabhairt do na mairbh a theacht isteach agus iad féin a téigheamh.

    Aoine an Chéasta
    Ar Aoine an Chéasta, cuireann na daoine na préataí lucht. Ar Aoine an Chéasta téígeann na daine chuig tobar beannuighthe, téígheann muinntir Fánaidhé siar go dtí tobar Dumhach Mhóir (Tobar Naomh Bhudog) agus ólann siad cupla deoch amach as an tobar, agus beireann siad cupla buideal as an tobar leo. Téigheann na daoine siar 'un tobair ar maidín agus ba gnathach leo troscadh a dheanamh go dtí an dó dhéag an lá sin, nó go ndeanaidh na leinbh trí scréad leis an tocras. Níor chóir daobhtha a cuid gruaige a cíoradh ach oiread.

    Domhnach Cásca
    Ar maidín Domhnach Cásca, éirigheann cuid de na daoine go han luath agus beireann siad lán seála tin d'uisce, nó lán beasún go bfeicfidh siad an ghriain ag damhsa ann. Bíonn an grian ag damhsa le luthghair an mhaidín sin, de bhrigh gur ar an mhaidín sin a d'éirigh Íosa Críosta ó mharbhaibh.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Maighréad Nig Reannacháin
    Gender
    Female
    Address
    Gort na Trá, Co. Donegal
    Informant
    Máire Bean Mhic Reannacháin
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Gort na Trá, Co. Donegal