School: Druim Caoin
- Location:
- Drumkeen, Co. Donegal
- Teacher: Seán A. Ó hArthaighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim Caoin
- XML Page 131
- XML “Scéal - Máire Ní Chripleas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal: Máire Ní Chripleas.Tá sin agamsa sgéal beag neimheach neamhach fa chás na caillighe á báitheadh ar maidin Dia Domhnaigh uair roimh éirghe gréine nuair a bhí dhá uair de steis an mheadhon-lae ann ag Sráid-bhaile an Choimhric, ag Comhrac na gcúig gcasan, an áit a rabh ocht dtroighthe déag de droichead cleiteach. Teampall cleiteach an áit ar báitheadh an cháilleach. Is fíor é da gaol damhsa an cháilleach. Dá bhfuighinn-se bás chuirfeadh sí mo thuairisc acht ós rud é gur eise a fuair bás cuirfidh mise tuairisg na cáillighe.
Shiubhal mé liom ar ród an bhealaigh-mhóir. Níor bfhada a chuaidh mé gur casadh damh diúlach géar gasta agus lód ubhall leis, cloch bróin in a mullach a shábhail gan iad a bhrúghadh.
Le préabadh na mbos agus tionntadh na súil d'ith mé féin lód na nubhlaí. Shiubhal mé liom ar ród an bhealaigh mhóir. Ní bhfada a chuaidh mé gur casadh damh diúlach géar gasta. D'fhiafriagh mé dó an bhfuighinn tuairisc teach Sheáin Mheilidain. Dubhairt sé liom go bhfuighinn agus failte: Go rabh sé shíos in lag, suas mullaigh árdan, agus gan teach in a chomhair acht dhá chéad teach a bhí thart fa dtaobh de. É 'na theach bheag bhaoideach, 'na theach bhréagh mhór í lár eatorrtha.
"Mó sháith de thuairisg atá agam" arsa mise, "acht dá bhfuighinn tuilleadh bhéinn ar shiubhal."(continues on next page)- Collector
- Seán A. Ó hArthaighe
- Gender
- Male
- Address
- Glenleheen, Co. Donegal
- Informant
- Brighid Nic Aghoill
- Gender
- Female
- Address
- Glenleheen, Co. Donegal