School: Druim Caoin
- Location:
- Drumkeen, Co. Donegal
- Teacher: Seán A. Ó hArthaighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim Caoin
- XML Page 135
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sean - Fhocla.Is iomda duine a thcídhfeas do dhruim na bhfeicfidh do bhoitheach
Is furust ‘chur ar cheaun chairn. (charnáin?)
Is deas an rud cárn - aoiligh lá sneachta.
Is deas an rud paiste gan fiacail.
Is iomda “shate” a bhíonns ar aonach.
Is fada a théidheann cuisle an ghaoil
Is fearr uilig é na droch - phósadh.
Is iomda córr ó’n chliabhain go dtí an uaigh.
Na díol do chearc lá fliuch.
Na chuir snaidm a choidhche le do theanga, na dtig a scaoileadh le do fhiacla.
Na [mól]? agus na cáin an bárr go dtéidh an mí - bhán (meitheamh) amach.
Na [níol]? lá aonaigh go dtí an tráthnóna.
Ní rabh ariamh gann na mbéadh fáirsing.
Ní tháinic caill aríamh na dtáinic da cháill.
Ní rabh ariamh an grean - mhór na mbéadh na dhiaidh an dubh - bhrón.
Bíonn an aith’ - chosamhail ann.
Seachain an ceann agus buail an muineal.
Codladh tús agus deireadh an duine.
Nuair a labhrann sean - chailin ní chuireann duine ar bíth sorughadh ann.
A d’Irish go deireadh.
An áit a bhíos teine bíonn tóit
An áit a bhíos teas bíonn mná
As an áit a bhíos mná bíonn gáib.
Arsa’n chearc “Rug mé ubh annsuid as rug mé ubh annseo, as níl bróg ar mo “chois”(continues on next page)- Collector
- Seán A. Ó hArthaighe
- Gender
- Male
- Address
- Glenleheen, Co. Donegal