Scoil: Druim Caoin
- Suíomh:
- Drumkeen, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán A. Ó hArthaighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Thaisbean sí damh triúr mac Sheáin Mheilidáin léine sgeach agus bríste cloch agus iad ag gearradh cláiridhe "Dale" amach as clocha glasa le solus a thabhairt do thriúr nigheanach Sheáin Meilidáin ag sníomh guail cloch ar thúirne lín.
"Is deas an tseoid í sin" ar sise. "Is deas," arsa mé féin, "ní fhaca mé ariamh níos deise." "Dá rachfa liomsa," ar sise, "Thaisbeanochainn seoid í bhfad ní ba dheise duit".
Cuaidh mé féin leis an chailligh a' gheall an chailleach a bhréagnadh. Thaisbean sí damh fathach mór ag teacht aníos as sgeoig an bhuideil, piocad agus tuagh leis indiaidh 'bheith ag deánamh buidéil ar an taobh astuigh. Tchífeá an saoghal mór idir a dhá chois, agus ní fheicfea dadaí os cionn mullaigh a chinn bhí sé comh mór sin.
Bhí mé féin ag éirghe tuirseach de'n chailligh, agus thug mé teannadh daor daighean dicheallach duithe, gur í lurigín [?] beag bheirfeadh teagasc do bhárr a teangtha.
Baitheadh an chailleach, agus tháinic mise.- Bailitheoir
- Seán A. Ó hArthaighe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Glenleheen, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Aghoill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glenleheen, Co. Donegal