School: Druim Caoin
- Location:
- Drumkeen, Co. Donegal
- Teacher: Seán A. Ó hArthaighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Druim Caoin
- XML Page 136
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)23. Arsa’n coileach: shiubhail mé soir agus shiubhail mé siar Is ní fhaca mé an bhróg a d’fhóirfeadh duit.
24. Ní sheasochadh sac folamh i bhfad léis fhéin.
25. Níl fhíos caidé tá anns an phota go dtí go mbaintear an clár de.
26. Mas déag duit do chota is deise duit do léine.
27. Na cuir a choidhche do lámh i mbéal an mhadaidh.
28. Na trust fear a chaoidhche atá na chomhnuidhe i dteach cloiche, acht fear atá im boithe.
29. Tiocfaidh ólann ar mo chaora-sa go fóill.
30. Beatha na naomh indiú go dtí imbárach.
31. Rann go beag as tug greim do achan duine.
32. Níl duine ar bith is mó luthghair’ roimhe na stucaire.
33. Ní rabh an tríomhadh lá de ghaoith ‘dtuaidh
Nach rabh bealach-mór go h-uaigh.
34. Ní mar shíltear ach mar cheuntear.
35. Ní h-ionann dhul na bhaile-mhór agus a fhágail.
36. Tuagh amach as láimh a’ tsaoir.
37. Muna bhfuil tuilleadh mín’ agat béidh brachan lom agat.
38. Tá áird ag an chat ar iasg acht ní máith leis a chosa a [fhlinichadh.]?
39. ‘Té chuireas is é a bhaineas.
40. Is deacar muir as talámh a fhreastal.
41. Sláinte ó bhalla go balla, - ma tá an duine ins an bhalla labhaireadh.
42. Tá súil agat a mhealfadh sgidín ó mhuic.
43. Gheibh na ba bás fhad as bhíos an féar ag fás.
44. “Laon” an domhnaigh ní bhíonn sé máith.
45. Bhí mise lá bhí bolann mháith bainne agam,
Bhí ceithre mná déag ag deánamh mo mhaistriú:
D’ith siad an tim agus d’ól siad an bainne(continues on next page)- Collector
- Seán A. Ó hArthaighe
- Gender
- Male
- Address
- Glenleheen, Co. Donegal