School: Druim Caoin
- Location:
- Drumkeen, Co. Donegal
- Teacher: Seán A. Ó hArthaighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Scéal: Léigheas abhainn í nGleann Eithne.Bhí beathaidheach na chomhnuidhe idir Chlochar-na-nGabhar agus Loch Dhrum an Aonaigh, agus bhí sé ag deánamh ann scrios ar na daoiníbh uilig. Lá amháin tháinic Colmcille leis an bheathaidheach a mharbhadh agus bhí a chlaidheamh aige. Thoisigh an troid eatorrtha agus thobair [> d'fhóbair] gur mharbhuigh an beathaidheach Colm, acht fuair an naomh an bhuaidh air 'san deireadh agud d'fhágh sé an beathaidheach marbh ag a chosaibh.
Sul a dtáinic Colmcille fuair sé gealltanas ó naomh eile go mbéadh seisean leis le cuideadh a thabhairt dó, agus nuair a bhí sé ag dul abhaile bhí sé ar mire leis an naomh eile cionnus nach dtáinic sé. Nuair a fuair sé go dtí Gleann Eithne casadh an naomh eile dó, agus bhí Colmcille comh feargach sin leis go rabh sé 'dul a mharbhughadh.
D'iarr an fear eile air an claidheamh a nigheadh 'san abhainn a bhí comhgarach ar dtús, agus nuair a bhí an claidheamh nighte aige d'imthigh an fearg dó.
Duine ar bith go mbíonn fearg air ma theidheann sé fhad leis an abhainn imthigheann an fearg ar a' bhomaite- Collector
- Seán A. Ó hArthaighe
- Gender
- Male
- Address
- Glenleheen, Co. Donegal