School: Trian Caol (roll number 10778)
- Location:
- Treankeel, Co. Donegal
- Teacher: Peadar Mac Gaoithín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Trian Caol
- XML Page 167
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal.
Bhí fear in a chómhnuidhe i nGleann Fhinne am amháin agus [bh]í ceathrar no cúigear de bhuaibh aige. Tcídheadh sé gearrfiadh ag ríth thart an pháirc achan mhaidin. Ní rabh bainne ar bith ag na ba nuair a bhéadh an g[e]arrfiadh ag ríth fraobhtha.
D'innis sé do fhear eile nach rabh bainne ar bith ag na ba. D'fíaf[r]uigh an fear eile do an bhfaca sé rud ar bith eile san pháirc leobhtha. [D]ubhairt seisean nach bhfaca sé a dhath ach gearrfhiadh a bhí ag ríth fraobhtha achan maidin. Dubhairt an fear eile gur cailleach phisreogach a bhí ins an ghearrfiadh agus gur cheart do cú dubh gan ribe amháin bán ann a fhághail. Chuart[u]igh seisean agus fuair sé an cú. Ar maidin chuaidh sé amach agus bhí an gearrfiadh fríd na ba airíst. Ríth an cú indiaidh an ghirrfiadh agus ríth siad suas chuig teach in a rabh sean bhean in a cómhnuidhe. Bhí pain briste [i]ns an fhuinneóig agus léim an gearrfhiadh suas ach sul a rabh sé astoigh ban an cú an larc as le na bhéal. Ríth an fear iseach [!] agus fuair sé an sean bhean astoigh le gan ach larc amháin uirthi.- Collector
- Anna Ní Gaoithin
- Gender
- Female
- Informant
- Séan Mac Daibheid
- Gender
- Male
- Address
- Ballynaglack, Co. Donegal