School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal - An Gabha agus an Diabhal.Ins an t-sean aimsir bhí gabha ann, agus bhí sé ann bhocht í gcomhnuidhe. Bhíodh sé ag ól gach pighinn dar shaothruig sé. Ní raibh aon greim le n-ithe ag a bhean ná ag a chlann. Rinne sé suas a inntin lé'n-a féin a dhíol leis an diabhal - seacht mbliadhna agus caitheadh sé dul leis. Bhí sé ag obair sa gceardchain lá agus tháinig fear chuige ag marcuigheacht ar chapall ghlas agus d'fhiafruig sé de'n ghabhainn cúpla táirgne a chur ar chrúdh an chapaill. Nuair a rinne sé sin d'fiafruigh an fear de ché mhéid an mbéadh sé ag iarraidh air leis an crudh a cheangailt ar an gcapall. "A a dhuine uasail ní dheanfhaidh mé tada ort." "Bhfuil fhios at cé h-é mise"? arsa an duine uasail. "Ní'l fhios" arsa an gabha. "Bheul is mise Íosa agus anois tá mé ag tabhairt trí impidhe duit. "Bhuel anois" arsa an gabha, "an chéad impidhe atá mé ag iarraidh ort, rud ar bith a chuireas isteach í mo sparán nach bhfeadfadh sé fhagaint as, an dara impidhe, duine ar bith a bhéaras ar mo chasúr sa gceardchain nach bhféadfadh sé a leigint as a láimh é, agus an treas impidhe, duine ar bith shuidheas sa gcathaoir nach bhféadfadh sí i a fhágaint go leigfidh mise aisti. Bhuel" anois arsa Íosa is olc do chruthuig tú nár tú Flaitheas. Bhuel" arsa an gabha má iarraimid gheobfháimid é. D'imthigh ár Slánuightheoir annsin uaid agus bhí dalla airgid ag an gabhainn seacht bliadhan.
Nuair a bhí na seacht mbliadhna suas tháinig an diabhal agus dubhairt sé leis an gabhainn go gcaithfead sé dul leis. Biodh mar atá" arsa an gabha, "beidh me leat anois nuair a cuireas mé cúpla crúd ar an asal sin dó'n bhean bhocht seo. Beir ar an gcasúr sin agus bual buille ar an iarrian [!] seo liom. Rug sé ar an gcasúr(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Chuinn
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Mac Cuinn
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Ballinrobe, Co. Mayo