Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Suíomh:
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- XML Leathanach 045
- XML “Scéal - An Gabha agus an Diabhal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal - An Gabha agus an Diabhal.Ins an t-sean aimsir bhí gabha ann, agus bhí sé ann bhocht í gcomhnuidhe. Bhíodh sé ag ól gach pighinn dar shaothruig sé. Ní raibh aon greim le n-ithe ag a bhean ná ag a chlann. Rinne sé suas a inntin lé'n-a féin a dhíol leis an diabhal - seacht mbliadhna agus caitheadh sé dul leis. Bhí sé ag obair sa gceardchain lá agus tháinig fear chuige ag marcuigheacht ar chapall ghlas agus d'fhiafruig sé de'n ghabhainn cúpla táirgne a chur ar chrúdh an chapaill. Nuair a rinne sé sin d'fiafruigh an fear de ché mhéid an mbéadh sé ag iarraidh air leis an crudh a cheangailt ar an gcapall. "A a dhuine uasail ní dheanfhaidh mé tada ort." "Bhfuil fhios at cé h-é mise"? arsa an duine uasail. "Ní'l fhios" arsa an gabha. "Bheul is mise Íosa agus anois tá mé ag tabhairt trí impidhe duit. "Bhuel anois" arsa an gabha, "an chéad impidhe atá mé ag iarraidh ort, rud ar bith a chuireas isteach í mo sparán nach bhfeadfadh sé fhagaint as, an dara impidhe, duine ar bith a bhéaras ar mo chasúr sa gceardchain nach bhféadfadh sé a leigint as a láimh é, agus an treas impidhe, duine ar bith shuidheas sa gcathaoir nach bhféadfadh sí i a fhágaint go leigfidh mise aisti. Bhuel" anois arsa Íosa is olc do chruthuig tú nár tú Flaitheas. Bhuel" arsa an gabha má iarraimid gheobfháimid é. D'imthigh ár Slánuightheoir annsin uaid agus bhí dalla airgid ag an gabhainn seacht bliadhan.
Nuair a bhí na seacht mbliadhna suas tháinig an diabhal agus dubhairt sé leis an gabhainn go gcaithfead sé dul leis. Biodh mar atá" arsa an gabha, "beidh me leat anois nuair a cuireas mé cúpla crúd ar an asal sin dó'n bhean bhocht seo. Beir ar an gcasúr sin agus bual buille ar an iarrian [!] seo liom. Rug sé ar an gcasúr(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chuinn
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Cuinn
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Róba, Co. Mhaigh Eo