School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba

Location:
Ballinrobe, Co. Mayo
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 049

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0101, Page 049

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
  2. XML Page 049
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Cáith mé suas é comh géal le sneachta agus tháinig sé anuas mar ór buidhe ar leachta
    (ubh)

    2) Tá gárrdha beag thiar annsin lán de daoine uaisle berrcuda beag, orra agus ribíni uáithne
    (líon)

    3) Bean fhada ghléicéál agus cros d'fá taobh féin uirthi
    (punánn coirce)

    4) Sin é sa chúínné é agus dhá chéad súil air
    (corcáinín ánbruthe)

    5) Báraille ar an trága agus a dhá cheann dúnta
    (ubh)

    6) Droichad ar loch gan máide gan cloch
    (leac-oidhre)

    7) Tagann sí isteach ar ghuáílnibh daoine agus téigheann sí amach chomh mían le síoda
    (deatach)

    8) Caora dhubh agus lomra bán uirthí
    (greideal)

    9) Is cruitnne é ná do ceann, is siad é ná na milte chrann
    (ceirclín snátha)

    10) Bredid buidhe ar taobh an tighe, is ní feidir liom a sníomh (?) ná a réidhteac
    (an ghrian)

    11) Mésin (?) chúmtha camtha, a béal fúithe is a tóin in áirde
    (sliogán)

    12) Níl sí amuigh agus ní sí istigh ach tá sé faoi dhíon (?) an tighe
    (fuinneog)

    13) Chuadih mé suas an bóthar, tháinig mé anuas an bóthar agus thug mé an bóthar ar mo dhruim
    (Dréimire)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Gráith
    Gender
    Female
    Informant
    Pádhraig Mac Graith
    Gender
    Male
    Address
    Ballinrobe, Co. Mayo