School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí cailín beag ann uair amháin agus bhí a sean-mháthair in a comhnuidhe leí féin in aice leí. Tháinig sí chuig a sean-mháthair lá, go bhfeicfeadh sí an raibh sí go máith.
Fuair sí in a leabhaidh é. "Tá tú an-tinn a mháthair mhór ach imtheochaidh mise abhaile agus innseóchaidh mé do mo máthair go bhfuil tú an-tinn".
D'imthig sí leí agus d'fág sí an doras focailte. Bhí mada fiadhain ins an lios in aice leis an teach. Tháinig sé isteach ins an teach, chuaidh sé siar ins an seomra agus mharbhuigh sé an tsean-máthair agus d'ith sé í. Annsin chuaidh sé isteach ins an leabhaidh agus shocruigh sé an t-éadach air féin.
Nuair a tháinig an cailín beag isteach chuaidh sí siar ins an seomra. "Ó a mháthair mór nach agat atá an t-éadan mór, agus nach agat atá an dhá -láimh móra". Ní tuisge a dubhairt sí é sin ná léim sé amach as an leabaidh agus rith an cailín beag amach agus í ag sgreadaíl. Chuala beirt fhear í a bhí ag baint adhmaid sa gcoill agus tháinig siad isteach agus mharbhuigh siad an mada Chuaidh an cailín beag abhaile chuig a máthair féin agus bhí an-chumha uirthi i ndiaidh a máthair-mhóir.(continues on next page)- Collector
- Síle Ní Oisín
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Ní Oisín
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Address
- Ballinteeaun, Co. Mayo