School: Clochar na Trócaire, Baile an Róba
- Location:
- Ballinrobe, Co. Mayo
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Sín amach do lámh ar t'aghaidh,
A's chífir an rud nach raibh, nach bfuil as nach mbéidh (Comh-fad na méar)
2. Comh h-árd le balla, chomh bán le bainne,
Comh dearg le fuil, comh milis le mil (Ubhall)
3. Cnap saille fá bhun coille, as gan aon easna ann. (Seilmidhe.)
4. Gearraínín bobáilte donn.
A shiúbhfadh an domhan
'S nach bhfliuchfadh a chos (Beach.)
5. Tá sé i bhfus, té sé thall,
Tá sé ag brian ar a chuid,
Tá sé thríd an sáile leath,
'Sgan é níl blas ar uibh (Salann)
6. Rud bocht, bocht , 's dhá mhaide fá'n a ucht
'S é ag silt na ndeor go fras. (An fár-doras lá báistige)
7. Meig, meig, ar an taobh istigh de'n chlaidhe,
Meig, meig, ar an taobh amuigh de'n chlaidhe,
Ní bhainfeadh an mheig ar an taobh istigh de'n claidhe leis an meig ar an taobh amuigh de'n claidhe (Neanntóg)
8 M'athair mór ar chúl an chófhra
Agus dhá chéad cóta air (Gas Gabáiste)
9 Siúd thall ort é, ní trom leat é,
Ní ball de bhaill do chuirp é(continues on next page)- Collector
- Mairéadh Ní hAnraoi
- Gender
- Female
- Informant
- Catríona Ní hAnraoi
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Ballinaya, Co. Mayo