School: Cluain le Fán (roll number 12817)
- Location:
- Cloonliffen, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Callaráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain le Fán
- XML Page 198
- XML “An Bhean ag Sníomh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Muise nil mise gan mo ghléas oibre féín bheith agam," ars an chailleach, agus leis sin tharraing sí amach túirne agus thosuigh sí ag sníomh. Tar-eis tamaillín bhuail an treas chailleach isteach agus mar dóibh no raibh scór diobh ann ar fad - deichnúibhar aca ag sniomh agus an deichnúibhar eile ag cárdáil.Tar-eis tamaill thosuigh na cailleacha ag clamhsan eatorra féín. Nuáir a cuala bean bean-a-tighe ag clamhsán iad d'éirigh sí; fuair sí canna agus amac léí go dtí an tobar ag iarraidh uisge. Ar an mbealach arais dí bhuail sí a cos i n-aghaidh cloiche . "Droch-rat ort, mar chloch," ar sise go feargach. "O na h-abair sin," ars an chloch," Is mise do mháthair agus thaínig mé romhat in aon turas le comhairle do leasa a thabhairt duit."Anois nuair a rachas tú abhaile abáir go bhfuill Cnoc Néifin trí theine." Cuaidh an bean abaile agus dubhairt sí go raibh Cnoc Neifin trí theine. Nuair a chuala na mna é sin ritheadar amach. Nior bhfada go dtainig siad go dtí an doras arais. D'fhiafruigh na mná ar an cáca(continues on next page)
- Informant
- Máire Bean Ní Bhrollacháin
- Gender
- Female
- Age
- 75
- Address
- Caher, Co. Mayo