School: Cluain le Fán (roll number 12817)
- Location:
- Cloonliffen, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Callaráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí cos bán aige. "Sin mo mháthair" arsa ceann de na mionáin agus d'fhosgal sé an doras. Tháinig an mactíre isteach. Nuair a chonnaich na mhionáin é, do rith ceann acu isteach sa g clog, rith ceann eile faoi an mbord, agus rith na mionáin eile i gach áit a fuair siad, acht mo léan fuair an mactíre gach ceann acu, acht an ceann a bhí isthigh sa g-clog. D'ith an mactíre na mionáin agus chuaidh sé go dtí an coill annsin.
Nuair a tháinig an gabhar abhaile d'innis an mionán a bhí sa gclog an sgéal dí, fuair an gabhar siosúr, snáthad agus snáth, agus d'imthigh leí amach ag cuartú an mhictíre. Fuair sí é san gcoill agus é 'na trom-chodhladh. Gearr sí poll in a bholg leis an siosúr agus as do léim na cúig mionáin agus iad beó. Fuair sí clocha annsin agus do chuir sí na clocha in a n-ionad. D'fhuagháil sí an poll arist, agus chuaidh sí abhaile annsin.
Nuair a dhúisigh an mactíre bhí tart mór air. Chuaidh sé go dtí an abhainn le deoch d'fhághail, acht nuair do chrom sé síos ag ól an uisge(continues on next page)- Informant
- Bean Ní Cameron
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Cuslough Demesne, Co. Mayo