School: Currach

Location:
Currylaur, Co. Galway
Teacher:
An Bráthair Joachim
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0021, Page 0088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Currach
  2. XML Page 0088
  3. XML “Leipreacháin”
  4. XML “Leipreacháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. Bhí fear in a chomhnuidhe i dteach beag uair amháin. Bhí sé ina shiúnéar. Gheibheadh sé airgead agus chaitheadh sé é. Oidhche amháin bhí sé ar chuart. Chuala sé go raibh leipreachán sa lios. Chuala sé go bhfaca fear an leipreachán ach thóg sé a shúl de agus chuaidh sé.
    Oidhche amháin timcheall a h-aon déag a chlog, chuaidh sé go dtí an lios, agus chuaidh sé ar thóir an leipreacháin ach níor fhéad sé é a fhagháil. Bhí sé ag dul abhaile annsin agus díreach san am sin chuala sé an leipreachán fé sgáth na gcrann. Bhí 'tic tic' ar a bhróig aige. Chuaidh an fear go dtí é. D'iarr sé ar an leipreachán pota óir a thabhairt dhó. Dubhairt an leipreachán go raibh an pota óir ar bun an crainn áird sin. Chuaidh an fear abhaile go bhfuigheadh sé laidhe. Tháinic an fear agus thosuigh sé ag ar thóir an pota óir. Tar éis tamaill chonnaic sé bosca beag. Cheap sé go raibh óir ins an mbosca, ach nuair a d'fhoschail sé é bhí cheap agus casúr istigh ann. Bhí fearg air an fear annsin agus chonnaic sé páipéar agus bhí sgríobhtha ar "Déan do obair go maith." Rinne sé a obair go maith agus tar éis tamaill bhí a lán airgid aige.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.