School: Currach
- Location:
- Currylaur, Co. Galway
- Teacher: An Bráthair Joachim
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Currach
- XML Page 0093
- XML “Scéalta i dtaobh Sióg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí beirt fhear ag filleadh abhaile oidhche amháin. Shuidh siad síos ins an gcoill agus chuaidh siad in a gcodladh. Maidin lá ar na bhárach tháinic sidheóg chuca agus thug sé sparán do duine aca agus cóta draoidheachta do'n duine eile. Is cuma cé'n méid airgid a thugadh sé amach as an sparán bheadh sé lán go béal i gcomhnuidhe. Aon rud a bheadh ag teastáil ó'n bhfear eile ní raibh aon rud le déanamh aige ach an cóta a chuir air féin. Lá amháin ghoid a Rí é. Annsin chuaidh an bheirt amach ar thóir na rudaí. Chuaidh siad go dtí teach an Rí ach sul a raibh siad ann, fuair siad bosca ubhla. Thóg siad na h-ubhla isteach go dtí teach an Rí. D'ith inghean an Rí ubhall. Annsin thosuigh srón an inghin ag fás. Dubhairt ceann de na fearaibh nach mbeadh a srón go maith go dtiubhradh sí na rudaí a ghoid a athair arais arís dóibh. Thug an inghean na rudaí dóibh, agus ar an nóméad bhí a shrón go maith. D'imthigh an bheirt agus an sparán agus an cóta draoidheachta aca.
- Collector
- Proinsias Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Mainín
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway