School: Corra Finne (roll number 12877)
- Location:
- Corrofin, Co. Galway
- Teacher: Cáit Ní Lochlainn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Corra Finne
- XML Page 0121
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí long ag dul go dtí Americá, agus bhí sean bhean ann. Bhí maol mór i ndiaidh na luinge, agus bhí eagla ar na daoine go mbáthadh sé an long. Chaitheadar amach sean chathaoir aige. Do shluig sé an chathaoir, ach níor imthigh sé i n a dhiaidh sin.
Chaith siad buicéad amach aige annsin, agus do shluig sé siar é. Annsin do chaitheadar gabhar amach aige agus rinne sé an rud céadhna leis. Bhí sé ag dul ag báthadh na luinge annsin. B'éigin dóibh an sean-bhean a chaitheamh amach annsin aige. D'imthigh sé ón luing agus níor bhac sé leo uaidh sin amach. Fiche bliadhain i n a dhiaidh sin rugadh ar an maol mór. Istigh in a bholg fuaireadar an sean-bhean i n a suidhe ar an gcathaoir, ag bleághan an ghabhair sa mbuicéad.- Informant
- Tomás Ó hUrnai
- Gender
- Male
- Address
- Corrofin, Co. Galway