Scoil: Cathair Loisgreáin (B)
- Suíomh:
- Caherlustraun, Co. Galway
- Múinteoir: Pádhraic de Chlár
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá liosín ag an mbaile seo againn agus tá baile cloice thart air.
Tá liosín eile taobh thíar de'n bhaíle agus tugtar air liosin na Thruim.
Tá crainn truim thart air. Tá páirc taobh thiar de'n bhaile agus tugtar air "Croch agus Taoghchan agus tá úain "Cave" ann agus tá leac ag béal an uain agus 'sé an fáth a dtugtar Croch agus Taoghchan air mar bhí suidheachán troide ann. Rinne na sean daoine é san am fadó le na dhul síar ann ó'n troid.
Chonnaic na daoine solus i liosín na Truim in am marbh na h-oidhche.
Cloiseadh cainnt ann go minic ach ní fheadfadh an cainnt a thuigsint.
Bhí fear i gCillnamanach fadó agus bhí bó aige agus cailleadh í, i ndiaidh laoigh a bheith aici agus bhí na comharsanna ag tabhairt bainne dó leis an laogh a thógáil agus ní raibh fhios aige ce'n fáth an raibh an laogh ag reamhrú mar bhí agus 'sé an t-ainm a bhí ar an bhfear(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann