Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Anach Cuain
- XML Leathanach 0007
- XML “Sióga Eanach Cuain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdhá sídheog atá i n-Eanach Cuain deirtear. Is i Páirc na Rásaí cúpla míle ó Eanach Cuain a bhfuil síad le feiceáil níos minice ná aon áit eile. Oidhche Shamhna suim blianta ó shoin connachas capaill sidheógá ag rith anonn 's anall agus i na measc connachas capall a fuair bás cúpla lá roimhe sin. Ba leis fear dárbh ainm Flathartaigh an capall agus deirtear go bhfaca an fear céadhna sídeóga go h-an minic. Leagadh é oidhche amháin agus deirtear go raibh sé fáightha ar thaobh an bóthair agus é gan aithne gan úrlabhra ar moch na maidne na dhiaidh sin. Taobh thuas de reilg Eanach Cuain tá isleán agus ins an isleán tá pota ór mar dearann na seancaidhe. Deartear go bhfuil an pota ór sin an ó cianaibh, leis an pota a chosaint do na sidheóga tá athar nimhe. Mar théigeann aon dhuine i n-aice an phota ní thuicfaidh sé ar ais go slán acht théigheann an athar nimhe go dtí an loch gach lá le h-aghaidh deoch agus mar tá an t-ádh ort rachaidh tú ann san t-am sin agus geobhaidh tú an póta. Tá sé ráidhte go bhfuil pota ór eile i gCaisleán Eanach Cuain acht níl aon tuairisg faoí an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Murcdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eanach Dhúin, Co. Galway