School: Anach Cuain
- Location:
- Eanach Dhúin, Co. Galway
- Teacher: R. S. Ó Conaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Anach Cuain
- XML Page 0030
- XML “Gruagach Locha Fuair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)san aer." "A dtiocfaidh tú liom" a deir Concubhair, "tiocfaidh agus fáilte" a deir an fear eile.
Chuaigh siad go pálas Brendhan Ó Bucháin. Ní raibh fáilte ar bith aige rómpa. "Céard tá ag taistáil uaibh" a deir Brendhan. "ar tóraidheacht an claidheamh solus atá muid," a deir siad. "Tá tobar fíor uisce seacht míle ón áit seo" a deir Bréndhan, "Cuirfidh mise mo fhear féin agus tusa i gcoinne buidéal uisce agus má bíonn tú ar ais anseo roime gheobhaidh tú an claideamh solus agus fáilte."Dimtigh Concubhair agus an fathach bóthair amháin agus dimtigh fear Brendhan bóthair eile. Nuair a bhí siad leath bealaigh stop siad agus (nuair) leis an draoidheacht a bhí ag an fathach, chonnaic sé go raibh fear Bréndain i bhfad amuigh rómhpa. Shiubhail siad leóibh aríst agus thosuigh an fathach ag séideadh in aghaigh fear Bréndan. Gach coiscéim a shiubhaileadh sé cuireadh an fathach dá coiscéim ar ais é. Bhí siad ag imtheacht leóibh annsin go raibh Conchubhair agus an fathach ar cosaigh.Tháinig siad chomh fada leis an tobair agus fuair siad an buidéal uisce. Tháinig siad ar ais arís go pálas Brendan Ó Buchain agus thug siad an buidéal dó. Thug seisean an Claidheamh Soluis dóibh. Dimigh siad abhaile ansin. D'fhan an fathach in aice leis an muileann agus chuaidh Concubhair(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhubhláine
- Gender
- Female
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway
- Informant
- Tomás Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway