School: An Mhainistir, Carrabeg
- Location:
- Carrowbeg, Co. Galway
- Teacher: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an gceann eile go ngoideadh sé an caoire uaid dul a mbeadh sé sa mbaile. D’imrigh an gadaithe óg annsin. Bhí péire nua bróga air. Bhain sé de íad agus ceanngal sé do crann íad. Núair a bhí an sean gadaithe ag dul thart chonnall sé íad agus ceanngal sé an caoire de crann eile. Nuair a bhfuair an gadaidhe óg imighthe é sgúab sé leis an caoire. An oidhche sin chuaidh sé isteach ar chuairt ag an sean-ghadaidhe. Bhí gé dó mbruith sa bpota. Chuir sé geall arís leis an sean-ghadaidhe go ngoideadh sé an gé an bpota. I gceann tamaill chuaidh sé abhaile agus mharbhuigh sé an caoire. Chas sé lomra na caorach ins timcheall agus chuaidh sé chómh fada le gáirdín an tsean-ghadaidhe. Thosuigh sé ag méighleach agus nuair a chúala an sean-ghadaidhe agus a bhean é dúbhairt síad lé chéile "Sin í an chaoire atá ag ithe an gabáiste." D'éirigh an bheirt agus chuaidh síad amach. Chómh lúath agus chonnaic an gadaidhe óg ag teacht íad. Rith sé leis agus leanadar é. Chuaidh an gadaidhe óg ar ais annsin go dtí an teach. Ghoid sé an ghé(continues on next page)
- Collector
- Seán Ó Feodhabhra
- Gender
- Male
- Address
- Bunatober, Co. Galway
- Informant
- Tomás Ó Feodhabhra
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Bunatober, Co. Galway