School: An Mhainistir, Carrabeg
- Location:
- Carrowbeg, Co. Galway
- Teacher: An Br. Coinleith Ó Mainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Núair a bhí Naomh Pádraic sa tír seo, tugadh duine eichínt dhó lé na bhaisteadh. Thosuigh sé ar an baisteadh agus an bathal a bhí aige d'fág sé uaidh é. Bhí sórt bir ar a bhárr, agus chúaidh sé tré chos an dhuine a bhí dá bhaisteadh aige. Cé'n fáth nár innis tú dhom é? adeir Pádraic. Ceapas adeir an duine eile gurb páirt an bhaisteadh é, ach níor ghorthugh sé mé go mór.
Núair a bhí ár Slánuightheóra óg bhí na Saighdhiúire ina dhíaidh lé na mharbhadh. Bhi a mháthair ag íarraidh teicheadh leis. Lá amháin bhí sí an-tuirseach agus shuidh sí síos. Chonnaich sí na Saighdhiúire ag teacht. Chuir sí an pháiste ina phráiscín agus thainich síad súas léi , agus dúbhairt síad leí é a fhosgailt agus ceard a bheadh ann acht úan agus d'imthigh síad leó.- Collector
- Máirtín Ó Scolaighe
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Scolaighe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Na Coitiantaí, Co. Galway