School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Page 0331
- XML “Caoineadh Baile Mhionánn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)muid a chomhaireamh mar b'éidir nach bhfuil muid go léir ann. Comhairfidh mise anois muid". Chomhair sé na fir agus ní raibh acht ochtmhar níor chomhair sé é féin chor ar bith. "Tá fear ar iarraidh, " adeir sé. "Téigh abhaile anois agus cuirfidh chuile duine teine in a theach fhéin. An seimléir nach mbéidh aon deatach as sin é an fear atá ar iarraidh. " Bhí sé fhéin in a sheasamh ar an gcnocán agus bhí deatach as chuile seimléir acht ní raibh aon deatach as a seimléir fhéin. Thosuigh sé ag rith abhaile agus é ag rádh, "Mise a bhí ar iarraidh, mise a bhí ar iarraidh."
"Anois" adeir duine eile acú " támuid chomh dona is bhíomar aríamh níl aon bhean againn a bhlithfeadh an bhó." Dubhairt fear eile go mbéadh sé luath go leór bean a fhághail nuair a bhéarfadh an bhó. D'fhan síad mar sin go ceann míosa.
Nuair a bhí an mí istigh chuaidh na fir i gcoinne an bhó. Nuair a chonnaic síad í dubhairt síad nach í a bhí ann. Ní raibh gearra ar bith 'na chluas. Ní an chaoi cheadhna bhí an bhó iompuigh nuair a chuir síad an comhartha uirthi. Chuaidh síad go dtí an sípeire. Dubhairt síad leis nach í an bhó a bhí ann go raibh comhartha acu uirthí. " Cé'n comhartha a bhí uirthí?" ars an sípéire.(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Conríogh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway
- Informant
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway