School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Location:
- Carrowbeg North, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Loideáin
![The Schools’ Collection, Volume 0025, Page 0332](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0025%2FCBES_0025_0332.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0025, Page 0332
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Page 0332
- XML “Caoineadh Baile Mhionánn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)" Bhí gearra 'na cluais an chluas ba giorra so'n bhaile" ar síadsan. D'imtigh an sipeire leis agus d'iompuigh sé thart an bhó. Bhí an gearra san cluas ba ghiorra so'n bhaile. "Sí atá ann, " adeir síad annsin. Thiomáin síad abhaile an bhó . Bhí lailgh aici faoi cheann seachtmhaine.
Ní raibh fhios acu annsin cé'n fear a phósadh. Chaith síad crann cé phosadh. An fear a gnothadh é chuaidh sé ar trhóir bean agus fuair sé í. Nuair a bhí na daoine le pósadh an t-am sin thugadh an bhean óg an clíabhan leithí. Bhí síad ag ithe na banéis agus bhí an cliabhain leagtha sa gclúid. Bhí laca beag os cionn na cliabháin an áit a mbíodh an giumhaiseach acu. Chuaidh fear an tighe i gcoinne maide giumhaise le h-aghaidh an teine. Nuair a bhí sé ag tarraingt an maide amach thuit blocán síos sa gcliabháin. Dubhairt an bhean óg a póssadh dá mbéadh an páiste sa gclliabháin go mbeadh sé marbh. Dubhairt bean eile nuair nach raibh sé nach raibh aon dochair ann. Dubhairt an bhean óg a pósadh arís dá mbéadh sé sa gcliabhain go mbéadh sé marbh agus thosuigh sí ag caoineadh an pháiste. Thosuigh na daoine eile annsin ag corgramh dí agus ar ball bhí chuile duine sa teach ag agus sé an t-ainm a thugaidís ar an sgéal(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Conríogh
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway
- Informant
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Age
- 82
- Address
- Aucloggeen, Co. Galway